12 October 2016

12/10/2016 - Ag críochniú an stráca uachtair ar an taobh clébhoird.


Beagáinín feistiú le déanamh ar dtús maidin inniu.
Na mion scoilteanna siúd arís!
Ag gearradh amach an rabóid.

Agus an cruth cruinn ar chorr an planc.
Ansin chuireas suas é agus ní raibh sé chomh dona.

Beagáinín obair fós le déanamh ar an rabóid.

An bun marcáilte, réidh le ghearradh.

Agus mé ag cuir steall péint ar an rádal thugas fé deara go rabhas díreach chun cuid den siúnta seo a chlúdach leis an stráca uachtair. Chuas chuig Liam agus dúirt sé ba chóir dom é a chalcadh roimh an stráca uachtair a chuir thart.
Tá taithí agam ag féachaint ar na leaids sa chlós ag calcadh, ach níor dheineas riamh mé fhéin é.
Bhí sé ní ba dheacra ná a cheapas. Tá an bearna idir an dá phlanc ag an mbun an-chúng ar fad agus thóg sé an-chuid bualadh chun an cadás a fháscadh isteach ann.
Chuireas dhá shraith ann agus chruaigh mé isteach iad chomh crua agus ab fhéidir liom leis an iarann cácála agus an máilléad cácála.
Sin déanta chlúdaigh mé an bearna le gnáth puití ola rois. Ba chóir dom puití luaidhe dhearg, ach ní raibh sé agam. Beidh an puití seo ceart go leor sa spota seo amháin, os cionn an uisce.
Ansin, suas leis an bplanc.


Ansin ar aghaidh leis an tairneáil. Ach ar an chéad fráma, uimh. a 12, nuair a bhualas an tairne isteach tháinig craic mhór sa fráma. Bhaineadh geit mhór asam, ach bhí an t-ádh dearg orm go bhfuil an craic go hiomlán os cionn an líne lagbhoird.

Chuaigh am méid eile isteach gan aon stró.




Bhí an seans agam ansin seasadh siar chun sult a baint as torthaí mo chuid oibre, ach ní ró-fhad. Tá a lán obair fós le déanamh agus thosnaíos go díreach ar an taobh deasbhoird.
Ag siséal an rabóid amach as an stuimine agus an naprún.


An radharc isteach ó doras an bhotháin. Radharc de scoth, dar liom féin!

No comments:

Post a Comment