04 October 2016

04/10/2016 - Tuilleadh plánáil, greanáil agus ag feistiú stopalláin.

Díreach isteach ag greanáil ar maidin ar an taobh deasbhoird.
Táim chomh sásta leis an gcuma ar na strácaí anois agus iad greanta. Tá an cuid is mó de na bearnaí idir na plainc tar éis dúnadh chomh maith. Ar fheabhas!






Sin déanta, bhí sé in am na poill siúd (fágtha ag na cranraí) a stopadh.
Dheineas stopalláin as roinnt gearrthóga agus glanas amach na poill beagáinín le mo raspa.
















Ansin mheasc mé suas roinnt gliú eapocsach agus chuireas na stopalláin.

















Dúirt Matt liom ní ba dhéanaí go raibh siad déanta mícheart. Ba chóir dom iad a ghearradh amach trasna an snáithe le gearrthóir stopalláin, uirlis áirithe ar son an jab sin. Má tá siad gearrtha trasna an snáithe is féidir an stopallán a chuir sa pholl leis an snáithe chomhthreomhar leis an snáithe sa phlanc. Ansin nuair a bheidh an bád ag bogadh agus ag síneadh ar an bhfarraige, bogfaidh an stopallán in éineacht leis an bplanc. Bhuel, sin an teoiric ar aon nós.
Pé scéal é, tá siad déanta anois, ceart nó mícheart. B'fhéidir go tógfad roinnt stopalláin breise liom agus mé ag dul amach as an gcósta - ó eagla go heagla!

An chéad jab eile ná an ola a chuir ar an adhmad nochta. Meascán le ola rois agus pairifín atá ann. Caithfidh mé tuirpintín a mheascadh isteach ann freisin, ach níl sé agam go fóill. Beidh sé sa tarna bhrat.




No comments:

Post a Comment