15 October 2016

14/102016 - Lá lán le dírathú

Bhí orm caolach/slat fada nua a phlánáil agus a chóiriú ar dtús maidin inniu, ach ní rabhas ach díreach tar éis tosnú nuair a mhúch na soilse go tobann. Bhí an aimsir go hainnis ar maidin agus is cosúil go raibh teip ar an leictreachas. Níor fhan sé ró-fhada, ach ar feadh tamall bhíos ag obair sa dorchadas. Atmaisféar an-scáfar ar fad!


Ag an deireadh chuireas an slat suas agus bhí cuma deas cóir air, ceart go leor.

Ansin ar aghaidh leis an spiling.
Is ansin a thosnaigh an dírathú. Tá an-chuid gearrthóga móra agus cláir leath-úsáidte agam, agus bhí súil agam go mbeadh mé ábalta an plainc seo a fháis as ceann amháin acu (níl sé ach ó fráma a 14 go dtí an trasnán).
Thriail mé as gach ceann i ndiaidh a chéile agus ceann i ndiaidh a chéile bhí siad cúpla orlach ró-ghearr, nó cúpla milliméadar ró-chaol nó an iomad sú-adhmad nó mar sin. Chuir sé as go mór dom go raibh orm dul abhaile chun clár glan nua a fháil agus é a úsáid i gcomhar píosa beag de stráca. Bhí súil agam go mbead ag úsáid na cinn nua leathan siúd i gcomhar na strácaí íochtar. 
Ag spiling den tríú nó ceathrú uair!
Agus theip orm arís!
Agus ag an deiridh, d'éirigh liom ar chlár breá nua.



No comments:

Post a Comment