06 October 2016

06/10/2016 - Ag feistiú na simí agus ag cóiriú i gomhar an stráca uachtair.

Bhí an eapocsach ar na simí ar an dtaobh clébhoird ag cruaigh thar oíche, mar sin thosnaíos ar na cinn deasbhoird ar maidin.




Tá an gliú eapocsach an-láidir ar fad, ach b'fhearr liom gan é a úsáid. Dá mbeadh ní ba mhó taithí agam bheadh na heanga gearrtha amach i gceart agam agus shuíodh an stráca isteach go cothrom gan fhadhb, ach níl faraor.



Ar ais ar an dtaobh clébhoird, thosnaíos ar an coiriú.
















Ina dhiaidh sin bhí orm an rabóid a dhéanamh ar son an stráca uachtair.


Agus ansin an slat a chuir suas arís chun an líne lagbhoird a fháil arís.


Ansin bhí sé soiléir go raibh bearna nó cuas ann ag fráma uimh.a 10. B'fhéidir gur lúb an fráma agus é ag triomú thar na míonna, ach ag am éigin scríobh duine éigin X dearg ar an bhfráma sin. Ní chuimhin liom é, mar sin b'fhéidir go bhfaca duine éigin an fhadhb ag éirí agus scríobh sé é. Fachtna b'fhéidir, níl fhios agam. Is cuma, caithfidh mé sime eile a chuir ann anois.



Tá cuid maith coiriú fós le déanamh ar na simí eile chomh maith.










No comments:

Post a Comment