10 October 2016

10/10/2016 - Anachain agus atosnú.


Thógas an planc anuas ar maidin agus bhí roinnt beag feistiú le déanamh air.

Ar dtús, an líne a choiriú.
Ansin an rabóid a ghearradh amach.


Agus an beibheal a ghearradh ag an stuimine.
Ansin bhí sé réidh le chrochadh suas arís.
Agus ansin chualag bloscadh uafásach agus do chonac é seo.

Scrios lom!
Mar sin, ar ais arís ag athdhéanamh an planc céanna ón tús. Ar a laghad ní chaithfidh mé an spiling a dhéanamh arís - is féidir liom an planc craiceáilte a úsáid mar dealbh ar son an ceann nua.
Seo an chéad clár as an mbaisc nua.



In ainneoin an cosúlacht bhreá ar an gcéad amharc, tá a lán scoilteanna mine ann agus bunlobhadh chomh maith. Dá bhrí sin bhí sé ní ba dheacra an cruth a aimsiú ná a shíl mé, ach d'éirigh liom ag an deiridh, ach beidh an-chuid den clár curtha amú.

Tá na mion scoilteanna an-ghar le imeall an stráca.


Nílim róshásta leis seo, ach níl an tarna rogha agam ag an bpointe seo.

Tríd an tiúsóir arís.

Cúpla!
An beibhil ag an stuimine ARÍS!
Agus an rabóid ARÍS!

Preit! Gan aon bloscadh an uair seo.
Fagfad mar sin é thar oíche, ag síneadh amach beagáinín agus ag tógadh a chruth nua.

No comments:

Post a Comment