19 October 2016

19/10/2016 - An lagbhord ar dheis.


An jab ar maidin ná an stráca sin a ghearradh amach agus a chóiriú.

Phlánáil mé go cearnógach síos go dtí an líne (agus na poill tairne as an spiling) agus ansin phlánáil mé beibhil beag ionas go mbeidh barr an stráca cothrománach, beag nó mór, agus é thuas ar an mbád.

An bhfuil sé cóir? Tá súil agam go bhfuil, ach i ndáiríre bíonn sé deacair le rá.

Ag snoí an rabóid amach.
Agus ag déanamh an bun cruinn.
Anois. Conas atá sé?
Ní ró-dhona, b'fhéidir.

No comments:

Post a Comment