12 September 2017

12/09/2017 - Tairneáil an stráca íochtair


Tá an stráca réidh le tairneáil anois. Tá a jab seo contúirteach toisc go bhfuil seans ann go stríocfaidh an clár nuair a cuirim poll nó tairne tríd.


De réir a chéile chuaigh na tairní tríd, ach in áiteanna níor luí an clár in aghaidh na frámaí agus an bunchlár go foirfe.







Chuireas an-chuid fórsa ar an gclár anseo chun é a bhrú síos i gceart, in aghaidh an rabóid.
Ach ansin, féach ceard a tharla. Scoilt eile, agus tuilleadh eapocsach de díth. Ba chóir dom píosa adhmad fada a chuir ar an gclár sara dheineas é, seachas an píosa beag a bhí agam ann.
Na bunanna.
Agus sin é.



An eapocsach damanta arís.

Agus gan aon ró-mhoill, thosnaíos ar an gcéad stráca eile arís.


No comments:

Post a Comment