13 September 2017

13/09/2017 - Ag ullmhú an chéad stráca eile.


Ar ais ar maidin agus bhí an eapocsach cruaite. Chuireas roinnt scriúnna dhosmálta ann freisin. Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor anois.


Agus beagáinín glanadh suas ian dhiaidh.

Sin déanta, chasas ar ais chuig an gcéad stráca eile. Bhí na beibhil déanta agam inne, mar sin níorbh le déanamh ach an foladh, nó an cuasadh.

Ansin thosnaíos ar dealbh agus spiling le haghaidh an stráca os cionn an stráca íochtair.


Agus ansin tháinig cuairteoirí speisialta ag bualadh, mo dhaid agus a leannán Siobhán.




Tar éis lón fada ní raibh a lán ama fágtha sa lá, ach leag mé amach an dealbh agus ghearras an stráca ón gclár.




No comments:

Post a Comment