14 September 2017

14/09/2017 - Ag iomrascáil le plainc.


An chéad rud ar maidin ná a tine a lasadh fén bpota arís. Bhí píosa amháin réidh agam, agus píosa eile nach mór réidh.

Agus é sin ag téamh, dheineas mo dhícheall an stráca eile a chríochnú.
Agus mé ag gearradh an ceann in aice an stuimine, den chéad uair, chuireas an beibheal ar an bpreabshábh agus ghearras an líne leis mar sin.


Ansin do bhí an foladh le déanamh - ach ní an iomad ar an gceann seo.

An t-uisce ag beiriú, chuireas an dá phlanc isteach ann.
An-chuid crampaí agus dingeacha agus píosaí adhmaid éagsúla - réidh leis an mallachtú - mar a deireann Liam.

An chéad ceann ann. Ní raibh an feistiú foirfe ach d'éirigh linn é a bhrú síos ian áit. Roinnt beag tairní agus crampaí amháin um an dtaca seo, bhí an tarna cheann á bheiriú sa phota go fóill, agus bhí orainn é a thógaint amach.

An scéal céanna anseo - ní raibh sé foirfe, ach bhíomair ábalta é a chuir ann, ceart go leor.

Ach bheadh an-chuid fórsa agus roinnt feistiú ag teastáil chun é a leagaint isteach i gceart. Pé scéal é, dúirt Liam go raibh rud éígin mí-cheart anseo - bheadh an bearna fágtha le haghaidh an dúntóir ró-chaol. Ghreamamair suas é leis na crampaí chun an lúb a choimeád ann



No comments:

Post a Comment