06 September 2017

06/09/2017 - Dealbh le haghaidh an stráca íochtair.


An chéad rud ar maidin bhaineas an feadán seafta den poll le feiscint conas ar ghreamaigh an spásaire leis an bhfráma. Bhíos ag úsáid an feadán féin mar chrampa chun an bloc adhmad a choimeád go teann ina áit agus an eapocsach ag cruaidh.
Bhí roinnt gliú greamaithe leis an bpíob , ach ní raibh sé deacair é a bhaint de.


Sin déanta ar feadh tamall bhí sé in am tosnú ar an stráca íochtair. Ar dtús bhí orm dealbh a dhéanamh de.
Thóg sé sin an-chuid ama ar an dtaobh eile, ach rith sé liom go raibh dealbh claonchló de agam cheann féin, agus ba é sin dealbh an rabóid. Thosnaíos ann.
Ach thugas fé deara go tapaigh go mbeadh sé deacair an uilleann ceart ag an spota a baineann an cnaí deiridh leis an mbunchlár a dhéanamh ar an dealbh. Pé scéal é, tar éis roinnt pleidhcíocht d'éirigh liom ceart go leor. 
Ní raibh sé foirfe, ach le roinnt obair eile tháinig sé le chéile.

Ansin an scéal céanna chun tosaigh. An uair seo thosnaíos leis an tsean-dealbh ón clébhoird agus mionathrú a dhéanamh air.





Réidh le tosnú ar an fíor rud amárach.

No comments:

Post a Comment