15 September 2017

15/09/2017 - Ag tairneáil agus ag ullmhú den chéad céim eile.

Ar ais arís.
Ar dtús inniu chríochnaíos an tairneáil an chéad píosa ó inne agus ghearras an bun freisin.

Ansin thógas an ceann ón mbarr anuas. Tá sé fuar anois agus tá an lúb agus an casadh, cruth an cabhail, reoite ann anois.
Tá sé ró-leathan, mar sin caithfidh mé a chaolú, ach ag an am céanna caithfidh sé a bheith cóir. Úsáidim an slat, fé mar is gnáthach, an líne cóir a fháil.
D'úsáid mé an locar leictreach an chuid is mó den ábhar a bhaint de, agus ansin an locar siúnta, fé mar is gnáthach. Caithfidh an beibheal seo a beith oscailte chun an dúntóir a ghlacadh, só bhí sin éasca le déanamh.

An píosa sin réidh, thosnaíos ag déanamh dealbh le haghaidh an píosa deireanach de stráca a deich. An chéad rud ná slat a shíneadh amach leis an líne cóir a aimsiú i gcomhar barr an píosa. Ansin chuireas spásairí ar na frámaí. Caithfidh an dealbh a bheith déanta mar an taobh amuigh den planc, agus beidh sin níos leithne ná an taobh in aice na frámaí.



Agus ansin fuaireas píosa clár-adhmad le haghaidh an dealbh. Le an-chuid tástáil agus earráid tháinig an cruth ceart le chéile de réir a chéile.

An dealbh sin déanta, thosnaíos ag feistiú an stráca an an mbarr. Mar a shíl mé, bhí an chuid fórsa ag teastáil, ach dheineas an botún céanna arís! Níor chuireas píosa adhmad ar bharr an stráca atá faoi, sínte idir dhá fhráma, de deascaibh sin, nuair a bhualas na dingeacha isteach chun an stráca a bhrú suas, scoilteas an clár ag an mbun...arís! Cén sord amadán atá ionam in aon chor?



Ach leanas ar aghaidh leis an obair, pé scéal é.


Ansin thosnaíos ar an chuid eile stráca a hocht. Arís shíneas amach slat caol chun na leithid agus an líne cóir a fháil.


No comments:

Post a Comment