19 September 2017

19/09/2017 - Ag tosnú ar an dúntóir

D'aimsigh mé píosa beag (gearrtha ina cheathrúna) oiriúnach don píosa deireanach stráca a 10.

Ghearras amach é de réir an dealbh agus thosnaíos leis an bplánáil.
Do bhí folú ag teastáil ar an taobh istigh agus an taobh amuigh sa phíosa seo.



Sin déanta, thosnaíos ar an spiling le haghaidh an dúntóir. Chaithfidh sé a bheith foirfe sa cheann seo, ionas go rachaidh sé isteach sa bhearna, agus ionas nach mbeidh bearna fós ann ina dhiaidh sin!
Níl an-chuid adhmad oiriúnach fágtha agam um an dtaca, mar sin ní mór dom nach rachaidh aon rud amú. Tar éis comhairle le Liam, chinneamair an dúntóir a dhéanamh ina trí phíosa, sé sin le rá go mbeidh dhá bhun ann.

An spiling leagtha amach.


An chuid beibhealáíl le déanamh.

Mo charta beibhil le haghaidh an dúntóir. Tá beibheal amháin ag an mbarr agus beibheal eile ag an mbun.

An beibheal ag an stuimine marcáilte amach.
Ach chuaigh rud éigin ar strae ansin.
Fadhb ar bith, d'fhágas cuid maith ábhar breise ann.

An cuas tar éis an folú.

No comments:

Post a Comment