03 September 2017

01/09/2017 - Ag tosnú ar na rabódaí


Thógas mo líomhadóir diosca beag go dtí an clós inniu chun na tairní a sciotadh siar, ar chothrom leis an adhmad sa rabóid.

Bhí sé deacair é a dhéanamh go slachtmhar, gan aon dochar a dhéanamh don adhmad.

Ansin leanas ar aghaidh leis an rabóid, ar na marcaí déanta ag Fachtna tamall an-an-fhada ó sin.




Agus ansin an scéal céanna leis an rabóid deiridh.

Agus scriúnna eile, cinnte!



Fiú amháin an méid ama caite ar tairní agus scriúnna, bhíos sásta leis an dul chun cinn inniu agus inné. Mothaím, ag an bpointe seo, go bhfuil cúrsaí ag dul chun cinn níos tapúla ná a bhí siad ar an taobh eile.

No comments:

Post a Comment