01 September 2017

31/08/2017 - An deasbhoird.


Tá an tsamhraidh thart agus tá an-chuid obair le déanamh. Tá an taobh deasbhoird le plancáil, díreach cosúil leis an taobh clébhoird atá déanta agam cheanna, ach mar íomhá scáthánach!

Bhuel, sin a bhíos ag súil, ach tá roinnt rudaí difriúil ar an taobh seo. Mar shampla, tá tairní ón dtaobh eile ag gobadh amach ar an taobh seo. Chomh maith le sin, tá cuid maith scriúnna báite in sna frámaí freisin.
Ní foláir dom rud éigin a dhéanamh leo go léir ar dtús, agus ansin tá an cóiriú le déanamh.




Tá roinnt de na frámaí aisteach go leor agus tá cuid maith coiriú le déanamh ortha.


An chéad scriú aimsithe. Bhí orm é a thochailt amach ceart go leor.
Agus ceann eile...
...agus ceann eile.
Scriúnna i ngach áit.



No comments:

Post a Comment