11 September 2017

11/09/2017 - Ag galú agus ag feistiú an stráca íochtair.


Do lasas an tine fén bpota go moch ar maidin chun an gal a éirigh suas. Do bhí smaoineamh agam poll a thochailt fén bpota ar dtús agus an tine a chuir ann. Bhí sé deacair liom roimh ré, an tine (agus an teas) a chuir in san áit ceart (isteach san uisce) toisc nach raibh ach bearna beag idir an pota agus an talamh. Ceapaim gur éirigh an gal ní ba thapúla dá bhrí an poll sin, só do bhí sé fiú é.

Agus an tine lasta, dheineas iarracht an tríú phíosa a chríochnú, ach bhí sé deacair é sin a dhéanamh agus freastal ar an tine ag an am céanna.



Chuaigh an dá phíosa den stráca íochtair isteach sa phota ar feadh dhá uair a chloig, nach mór, agus ina dhiaidh sin lúb Liam agus mé féin timpeall an bád iad.




Do bhí roinnt ceirfeáil le déanamh i spotaí, ach ní a lán.


Do bhí an tarna píosa 45 nóiméad ina dhiaidh an chéad píosa.
Arís bhí beagán ceirfeáil le déanamh, ach ní a lán.

Agus ansin an bun le gearradh.
Agus ansin bhí sé istigh.


Fén dtaca sin ní raibh an t-am agam an tríú cheann a chríochnú agus a ghalú agus a fheistiú inniu. Jab don márach, ach is mór an trua é beidh an t-uisce fuar fé sin.

No comments:

Post a Comment