09 September 2017

08/09/2017 - An tarna chuid den stráca íochtair.

Ba bheag nár chríochnaíos an cuid deiridh den stráca íochtair inne, ach do bhí an foladh fós le déanamh ann. Níor thóg sé an-chuid ama - tá an t-adhmad gan cranraí agus tá mo locar cuais ag obair go maith.
An taobh istigh lastuas agus an taobh amuigh laistíos.

Sin réidh, thosnaíos ar an gcuid tosaigh.




Tá sé ar intinn agam trí phíosa a ullmhú le haghaidh an pota - seo an chéad ceann eile ón mbarr.
Meascán de dhealbh agus caolach spiling.

Ag aistriú go dtí an clár adhmaid, ach sin jab don márach.

No comments:

Post a Comment