18 September 2017

18/09/2017 - Ag críochniú stráca a hocht.


An chéad rud inniu ná féachaint conas ar éirigh liom leis an scoilt is déanaí.
Bhí go maith, agus ní raibh go holc. Agus do bhí seans agam an leithead a chaolú beagáinín leis an gcéimphlána.

Agus ansin, ar aghaidh leis an spiling i gcomhar an chuid deireanach stráca a hocht.
An gnáth próiseas as sin amach.



Ag folú an stráca.
Caithfidh an próifíl bheith mar a gcéanna na cruth an fráma, ag gach fráma.
Uaireanta bíonn folú ag teastáil, uaireanta bíonn sé cothrom agus uaireanta chaithfidh sé bheith dronnach. Do bhí gach cruth ag teastáil sa cheann seo.




Ní raibh galú ag teastáil an uair seo.

Ag gearradh an bun.
Ligh beag prímeálach.
Agus tairneáil suas.

Ab abú, dul chun cinn!
Is breá liom an fótagraif seo thuas. Tá an solas ag lonrú tríd an bearna idir na strácaí agus ag déanamh cruth mar aoibh ar an talamh. De réir a chéile tá an béal sin ag dúnadh.

Níl ach píosa beag stráca a déich agus an dúntóir (stráca a naoi) fós le déanamh.

No comments:

Post a Comment