07 September 2017

07/09/2017 - Ag tosnú ar an stráca íochtair.


An chéad rud le déanamh ná slat a shíneadh amach chun na leithid an stráca a thomhais.



Ansin an dealbh a mharcáil amach ar an gclár.

Agus na leithid an mharcáil amach.


Agus gearradh amach le lamháil fial le haghaidh an beibheal.


Agus ansin plánáil, cóiriú agus beibhealadh.


Ag an bpointe bhí orm an tarscamhaire a úsáid mar gheall ar an gcuar sa chruth. Chomh maith le sin do bhí 'beibheal cuasach' ann, mar a thugann Liam air. Sin an fáth go raibh ábhar breise ag teastáil sa chlár. Má ba rud é gur ghearras in aice an líne, ní bheadh an t-adhmad ann chun a beibheal a dhéanamh.

No comments:

Post a Comment