05 September 2017

05/09/2017 - Ag gearradh na líméir agus ag feistiú an feadán.


An cóiriú déanta, do bhí sé in am na poill líméir a ghearradh ag bun na frámaí agus urláir.


Ansin chinneas filleadh ar ais don feistiú an feadán seafta. Bhí an taobh deiridh déanta agam roimh an samhraidh, ach bhí an taobh istigh fós le déanamh. Bheadh sé seo i bhfad níos éasca le déanamh anois gan na plainc i mo áit.

Chomh maith le sin, bhí orm bolta a chuir ar ais in ionad an ceann a thógas amach roimh ré. Bhí orm é a bhádh go domhain sa phost deiridh agus dá bhrí sin bhí bolta ní ba ghiorra ag teastáil uaim. Ba mhaith an rud é go raibh ceann oiriúnach i mo sheilbh.

Ar ais ag an feadán arís, leanas ar aghaidh leis an modh priontáil agus scríobadh chun é a fheistiú go foirfe. Thóg sé an-chuid ama, ach ag an deiridh shocraigh an mír deiridh isteach sa fráma go deas.



Seiceáil deireanach ag an mír deiridh ar an taobh amuigh agus cúpla scríobh beag.

Agus ansin chuireas an méid go léir le chéile, ach bhí sé an-soiléir go raibh fadhb agam. Mí-áireamh de saghas éigin. Tá an píob ró-fhad agus chaithfidh mé bloc adhmaid a chuir idir an fráma agus an mír deiridh mar spásaire. Tá sin ceart go leor, ach ciallaíonn sé gur chaith mé an-chuid ama amú ag feistiú an fráma.
Seo tús leis an gclais a bheidh mar chainéal uisce fuaraithe dul isteach sa mír deiridh.

Dealbh déanta le haghaidh an poll a dheineas sa fráma.
Ag gearradh an poll i gcomhar an feadán.


Tá súil agam go n-oibrí sé seo, nó beidh an-deacracht agam réiteach eile a dhéanamh.
Seans maith go mbeidh tuilleadh feistiú le déanamh ann, ach ar dtús chaithfear é a ghreamú isteach ar dtús.
Mo sheanchara an eapocsach ag dul i bhfeidhm arís.

No comments:

Post a Comment