13 October 2018

13/10/2018 - Anachain ag gliúáil

Maidin De Sathairn agus an bas agus na buachaillí ag an gclub rugbaí, d'fhilleas ar ais go dtí an clós chun beagáinín gliúáil a dhéanamh.

An chéad rud le déanamh ná an t-adhmad a théamh suas.
Thógas teasaire ón dtigh agus chuireas ar siúl é fén alt, agus ansin d'úsáideas teasghunna go díreach ar na haghaidheanna.
Dar le Nick Kottler, an gúrú eapocsach sa chlós, nuair atá an t-adhmad ag téamh suas díchuireann sé amach aer agus fliuchras, ach nuair atá sé ag fuarú síos, súnn sé isteach arís. Mar sin, más rud é go bhfuil an t-adhmad teo nuair a chuirim an gliú air, agus má múchaim an teasaire ansin, nuair atá sé ag fuarú súfaidh sé an gliú isteach, agus greamóidh an gliú i bhfad níos fearr.
Bhuel, sin an theoiric ar aon nós.

Agus an teasaire ar siúl go fóill, mheascas cuid maith eapocsach i gcaife cupán.
Ansin leathas an roisín go flúirseach ar gach aghaidh, agus mhúchas an teasaire.
D'fhilleas ar ais go dtí an stáisiún mheascadh agus mheascas an tiúsóir isteach sa ghliú.
Ansin thosnaíos ag leathadh an gliú go cothrom, agus go cúramach ar gach aghaidh - ach sara i bhfad thugas fé deara go raibh fadhb agam.
Do bhí an gliú sa chupán ag éirí te i mo lámh, agus bhí sé ag éirí tiubh agus greamaitheach agus deacair le chuir.
Do bhí an eapocsach ag cruachán i bhfad ró-thapaigh agus go tobann bhíos ag obair in aghaidh an chlog. Cinnte nach raibh aon am stopadh le fótagraif a ghlacadh!

Chríochnaíos ag leathadh an gliú chomh tapaigh agus ab fhéidir agus bhrúas an dá phíosa le chéile.
Ach mo mhíle léan géar, anois bhí an roisín chomh tiubh agus chomh greamaitheach nárbh fhéidir leis na haghaidheanna bogadh thar a chéile agus ní rabhas ábalta an bearna a dhúnadh i gceart.
Bhíos ag bualadh an deiridh le cnapchasúr ar nós fear buile, ach fós bhí bearna ann.

Ansin bhí orm crampaí a chuir ann chun aon bearnaí nú bolgáin a fháscadh.
Ar maidin bhíos ag ceapadh go dtógfaidh sé cúpla uair a chloig leis an ngliú dul crua, agus go mbeadh an-chuid ama agam plaisteach a ghearradh le chuir idir an gliú agus na bloic agus na crampaí - go deimhin ní raibh aon am ar bith agam é sin a dhéanamh.
Chuireas bloic agus crampaí ann chomh tapaigh agus ag fhéidir, ag súil go mór go raibh an gliú fós ina leacht dóthain go shreabhfadh sé isteach sna bearnaí agus araile.


D'fháisceas na crampaí suas, ghlanas suas agus d'imíos abhaile, buartha go leor go raibh praiseach mór déanta agam as,

Ní rabhas ach cúpla uair a chloig sa chlós, ach bhíos traochta ina dhiaidh sin!

No comments:

Post a Comment