01 October 2018

01/10/2018 - Ag déanamh réidh le teacht amach


Nach mór réidh le teacht amach, chuireas ceaigeanna fén ruma agus bhaineas na cosa de.
Bhí straidhp ar gach taobh le greanadh agus le péinteáil fós.



Agus mé ag fanacht leis an bprímeálach le triomú, d'osclaíos an doras mór agus thosnaíos ag glanadh mo shlí amach.
Ní raibh an doras sin oscailte le blianta fada anuas agus bhí orm féar agus plandaí eile a thochailt amach as a slí ar dtús.

Níl aon Pre-Kote fágtha agam, agus dá bhrí sin bhí orm gach iarracht a dhéanamh an prímeálach a chuir ann go han-mín.

Chuardaíos an clós ó bhun go barr agus ag an deireadh d'aimsíos trí lomán le úsáid mar imthacaí rollach. Tuar maith atá ann.
Ag deiridh an lae do bhí na codanna bána péinteáilte agam.

No comments:

Post a Comment