03 October 2018

03/10/2018 - Ballasta

Ní chuimhin liom cathain a bhí siad a bris siad suas an luamh inar fuaireas an muciarann seo - b'fhéidir dhá bhliain ó shin - ach pé scéal é, bhí siad carntha ag cúl an tí  le tamall i bhfad ró-fhada. Ach anois tá a am tagtha.

Dar le John, beidh Liam ag teacht amach as an ospidéal inniu, ach ní bheidh sé ag teacht díreach ag obair, gan amhras. Mar sin tá cúpla lá agam leanúint ar aghaidh le jabanna eile.

Bheadh luaidhe níos fearr mar bhallasta; tá dlús níos airde aice ná iarann, agus ní meirgeann sí, ach tá sí costasach go leor. Fuaireas an stuif seo saor ó Liam, agus tá súil agam go ndéanfaidh sé an jab go maith, ach ar dtús ní foláir dom iad a ghlanadh suas agus péinteáil.

Bhí péint orthu cheanna, chomh maith le meirg agus salachar, agus táid an deacair le baint, mar sin táim ag úsáid siséal i ndruilire agus é socraithe mar chasúir.
Nuair a thosnaíos, thugas fé deara go raibh luaidhe dhearg insan sean-phéint orthu. Táim taobh amuigh, tá gaoth cuimseach láidir ann, agus nílim ag déanamh an-chuid dusta, mar sin nílim ag úsáid aghaidh fidil le mo anáil a chosaint. Tá cloghad orm, aghaidhsciath orm agus cluaschosaint orm cheanna féin agus i ndáiríre, níl an-chuid spás fágtha le haghaidh aghaidh fidil.
Ina dhiaidh an siséal/casúir úsáidim cupán-sreangscuab i ndruilire eile leis an méid ata fágtha a bhaint de.
An chéad bhaisc déanta, táim ag úsáid tiontú meirge, darbh ainm Oxirite, ag súil go maothóidh sé isteach sa dromchla scagach an muciarann agus go séalóidh sé é.
Úsáidimid táirge cosúil le seo ar mo long agus bíonn torthaí iontach as.
Tá an leacht bán sa phróca ach chomh luath is a bhaineann sé leis an meirg tosnaíonn imoibriú ceimiceach idir an ocsaíd san iarann agus an aigéad tainneach sa leacht.
Tar éis cúpla nóiméad tagann dath gorm ar an leacht agus ina dhiaidh sin dúghorm nú dubh. Is iontach an dromchla é sin anois chun an chéad cóta péint a ghlacadh. Chaithfidh an péint a bheith uiscedhíonach toisc ná fuil an dromchla dubh seo uiscedhíonach.

Lá an-leadránach a bhí ann, agus mo lámha ag creathadh tar éis druilire casúir, agus trá tuilleadh le déanamh amárach, ach tús maith...

No comments:

Post a Comment