06 October 2018

06/10/2018 - Leath lá, an urlár agur ag tosnú an inneall

Do thánag chuig an clós inniu (De Sathairn) ag súil go mbeimis ag cuir an bád ar snámh. Dúirt Liam lom go mbeadh sé anseo inniu, ach ní dúirt sé cén t-am.

Agus mé ag fanacht leis, leanas ar aghaidh ag cuir na píosaí urláir isteach ina áiteanna cearta.

Do bhí orm cúpla athruithe a dhéanamh in áiteanna, ach bhí siad réasúnta simplí, mar shampla ag déanamh poill le haghaidh píobán an caidéal ruma.

Ach bhí fadhbanna ní ba mheasa agam ar chúl an innill.
Bhíos ag súil leis ar shlí, ach níor éirigh liom réiteach ceart a fháil, agus chuir sin as dom.

Bhí a fhios agam go mbeadh an gaiste uisce ró-ard agus nárbh fhéidir liom aon rud a dhéanamh fé um an bpointe seo, ach an rud nach rabhas ag súil ná an píobán sceite agus an dá phíosa urláir mhóra ag deiridh an bháid.
Chaitheas an-chuid ama thar dhá lá i mí Márta ag iarraidh cuid mór den urláir a dhéanamh lé dhá phíosa Dhúghlas le go mbeadh an spás sin mar locar beag fén urlár, in aice lámha ag an liagóir. Ach anois tá an spás nach mór lán le píobán agus bhriseas an píosa Dúghlas ag iarraidh é a fheistiú i gceart.
Chuir sé crua ar mo chuid foighne.
Idir an dá linn, fuaireas amach nach mbeadh Liam ag teacht inniu ag an deiridh, ach bhíos ag iarraidh bua de saghas a bhaint as an lae agus chinneas go thosnóinn an inneall roimh imeacht.
Bhaineas an caipín den scagaire uisce, dhúnas an comhla ionraoin agus chuireas an píobán gairdín isteach sa scagaire agus chuireas an t-uisce ar siúl.
Bhíos réasúnta sásta anois go mbeadh uisce fuarúcháin ag an inneall agus dheineas iarracht é a chasadh thart leis an lámh dhúisithe. Theip orm.
Dheineas iarracht eile, bhí sé nach mór ann, ach arís theip orm.
An tríú uair dheineas iarracht leis an mótar dúisithe, agus arís bhí sé nach mór ann ach níor thosnaigh sí.
An uair sin bhí John ag féachaint orm agus dúirt sé liom an scóig a méadú beagáinín.
Bhrúas síos beagáinín ar an luamhán agus bhrúas ar an gcnaipe dúisithe arís. Tar éis cúpla soicind ag casadh thart ar an mótar, thosnaigh sé i gceart agus chualag an puth-puth-puth den chéad uair.
An fhadhb a bhí ann ná gur bhogas an scriú le haghaidh an luas réchasta nuair a bhíos ag feistiú an cábla cianrialaithe agus bhí sé socraithe ró-íseal.
Do shocraíos anois é ag luas a cheapas a bhí oiriúnach le haghaidh imrothlú íosta, ag mo chluas. Is mór an trua é ach ní raibh an tacaiméadar ag obair agus bheinn ábalta é a shocrú go cruinn.
Nílim cinnte cén fáth ná fuil an tacaiméadar ag obair, ach pé scéal é táim sásta go bhfuil an inneall ag obair in aon chor!
Stopas gach rud agus chuireas gach éinní i dtaisce. Do bhí mo dhóthain déanta agam leis an deiridh seachtaine seo.

No comments:

Post a Comment