09 October 2018

09/10/2018 - Trialacha farraige

Níor thánag chuig an clós ar maidin gléasta mar siúinéir, ach mar mairnéalach.
An rud le déanamh inniu na trialacha farraige - chaithfead tástáil a chuir ar an mbád seo, ionas go mbeidh muinín agam astaí amuigh ar an bhfarraige mhór - ach go háirithe le páistí ar bhord.

An chéad rud a dheineas ná amadán a dhéanamh asam féin.
Do bhí an taoide ag folú go tapaigh agus bhí sruth láidir ag dul thart ar na báid feistithe ag an gcé. Mhol John dom fanacht tamall ach bhíos ag iarraidh an sruth sin a úsáid le dul chun cinn tapaigh a dhéanamh ag dul síos an Aighlinn.
An rud a dhein mo chabhóg ná an rópa tiubh a théann trasna ón gcladach go dtí na báid mhóra ag an gcé. Ar mo shlí amach d'ardaíos an rópa agus shiúlas an bád fé. Cheapas go rabhas glan as, ach go tobann bhíos greamaithe le taobh an bád mór gorm ag an gcé.
Bhíos i gcruachás  gan choinne agus thóg sé sár-iarracht ag brú ar chabhail an bád mór mo bhád a bhogadh ar ais go dtí an áit a bhíos feistithe roimh ré.
Bhí an t-ádh dearg orm nár scriosadh mo bhád breá nua insan eachtra sin.
Le mo croí ag bualadh i mo chliabh, cheanglaíos an bád arís agus chuas go dtí a bothán mór chun cupán tae a fháil leis na leaideanna.

Leath uair a chloig ina dhiaidh sin do bhí an sruth laghdaithe beagáinín agus thriaileas as arís. An uair seo bhí plean ní ba fhearr agam - d'úsáideas an rópa sáraithe chun an ceann a bhogadh amach as an feistiú (springing-off a thugtar air i mBéarla) agus chuas suas in aghaidh an srutha píosa sara chuas fén rópa san uisce.
Bhí cuma an-proifisiúnta ar an ngluaiseacht ar fad - an tarna cheann 😳.

Ach gach rud i gceart ach sinn a bheith slán, an cluiche deireanach an imirt. Leanas ar aghaidh síos an abhainn ag dul go tapaigh leis an sruth.
Nach galánta an áit é, bruach an abhainn Aighlinn, agus ná habair féna tithe móra scaipthe ar fud na háite.
Deiridh an abhann...
...agus amach ar an bhfarraige.
Mo thriail? Inis Uí Drisceoil dar ndóigh, baile spioradálta na báid seo. Ar dtús beidh orm dul timpeall tuaiscirt Inis Arcáin.
Ach cérb é an chéad rud a chonac feistithe ag Inis Arcáin - Hanorah - máthair na gliomadóirí nua aimsithe ar fad. Bheadh orm dul thairsti agus mo bheannacht a chuir in iúl di.
Bhíos chomh sásta Hanorah a fheiscint gur rith aon chiall a bhí i mo aigne glan amach as. Chuas díreach ina treo, thart ar oitir ghainimh agus díreach ina suí - ar nós glas-stocach nú caslóir éígin. Ó mó náire.
Ar a laghad bhíos ábalta brú siar ón gainimh le maide rámha agus sara bhfad bhíos ar mo shlí arís - i dtreo Inis Uí Drisceoil, gan aon chor bealaigh eile.

Sin é an caladh ag Inis Uí Drisceoil romham.

Cuairt tapaigh isteach sa chalafort.



Agus amach arís.

Ag dul ó thuaidh arís, chuas tríd na caoil idir Inis Uí Drisceoil agus Conamar, timpeall Oileán Gamhna agus isteach sa bhá lastuaidh de Inis Uí Drisceoil.
Fén am sin bhíos ag éirí ocrach, agus chonac na gliomadóir eile, Mary Collette agus Mary Rose, ag luí ar an feistiú sa bhá.
Rith sé liom go mbeadh sin an-oiriúnach mar áit le stopadh le haghaidh greim lóin.




Shleamhnaíos  isteach sa bhá in aice leo agus scaoileas an ancaire.
Luigh sí ar an ancaire go breá socair.


Radharc den scoth, biadh den scoth, aimsir den scoth, comhluadar den scoth - d'fhéadfainnse mo lón a ithe mar seo gach lá.


Ach ní hé seo an lá le haghaidh fámaireacht, bhí sé in am an bád a chuir tríd fíor trialacha anois.
Ancaire tógtha, amach as an bá liom, timpeall Oileáin Caorach agus amach ar chúrsa thiar-thiar-theas.
Bhíos ábalta na tonnta móra a fheiscint ag teacht isteach ó Loch Trasna, agus bhíos ag súil leo ón réamhaisnéis aimsire. Tá stoirm ag teacht agus tá an fharraige ag éirí léi.


Seo atá ag teastáil uaim!
Más rud é go bhfuil an bád chun briseadh óna chéile, b'fhearr liom go tharlódh sé inniu seachas i bhfad amach ón gcósta, nuair atá an aimsir go hainnis, sa dorchadas nú le mo chlann ar bhord.
Shroicheas an taobh thiar de Inis Uí Drisceoil, gar le carraig/aill darbh logainm Liathoileán. D'fhéadfainn leanúint ar aghaidh, timpeall Inis Uí Drisceoil, bheadh an bád lán réidh leis, ach bheinn ar chladach rite le gaoth ansan, ar an taobh thiar an oileáin, agus éiríonn sé sin na ribí ar mhuineál mairnéalach ar bith.
Dheineas an cinneadh ó thaobh sábháilteachta de agus d'iompaíos an bád thart agus chuas ar ais i dtreo Conamar agus Inis Arcáin.

An uair seo bhíos ábalta na tanalachta a sheachaint agus chuas trasna go dtí an Hanorah chun mo bheannachtaí a dhéanamh.

Seo í - máthair na gliomadóirí go léir. Thógadh í in 1892 ag Richard Pyburn agus d'atóg Nigel Towse i breis is 15 ó shin.
Tá gach ceann atá ar an bhfód inniu bunaithe ar na deilbheacha tógtha ó Hanorah i 1999.
Agus na fuil sí galánta.

Ach ní raibh an t-am agam stopadh ann - ar aghaidh ar mo aistear.
Chuas ar fad cósta oirthear Inis Arcáin, d'fhéachas isteach sa chuan, agus leanas ar aghaidh i dtreo Béal an Chuain.



Tá sé go breá suain sa chuan ar Inis Arcáin, ach níl sin a triail atá uaim.

Amuigh fé cos An Rabhacán, nú Bean Lot mar a thugtar air, do bhí na tonnta móra ag briseadh isteach sa chuan. Sin an teastas ata de díth.




Seo níos fearr.





Agus níos fearr fós!
Ach an scéal céanna arís; ní rabhas ag iarraidh dul amach as an gcuan le bheith ar cladach rite le gaoth, ach bhíos sásta go leor go dtí seo.
Chasas thart arís agus d'éirigh sí go hiontach taobh na tonnta móra.
Agus arís bhí sí compordach go leor ag dul le cóir gaoithe agus farraige.




An fhirinne a rá, ní bhféadfainn a bheith níos sásta léise mar bhád farraige



Stad amháin eile roimh filleadh abhaile - cuairt tapaigh ar calafort Dún na Séad.





Agus ar ais go dtí an Aighlinn ansin agus aníos le srutha na taoide arís.
An tSeanchúirt ar íor na spéire.

No comments:

Post a Comment