11 October 2018

11/10/2018 - Ag dul i ngleic leis an scarbhailt

Chaitheas an cuid is mó na maidine ag déanamh ceithre thristéal leis an crann a dhéanamh. Sciob duine éigin na bairillí a bhí agam inne.

Dheineas iarracht an gob éin sin a choiriú leis an mblocphlána agus an siséal ach tá sé éasca le feiscint ná fuil sé díreach ná cearnach ná cóir.

Chuireas an taobh sin go leataobh tamall agus thosnaíos ar an bpíosa eile.
Níor úsáideas clár adhmaid an uair seo, ionas go mbeinn ábalta dul níos doimhne leis an sábh ciorclach.
D'úsáideas sconsa arís le go mbeadh an líne réasúnta díreach.

Agus arís chríochnaíos an gearradh leis an sábh láimhe, ach bhí an fhadhb céanna agam arís - bhí sé iontach deacair gearradh an sábh ciorclach a leanúint agus iontach deacair é a choimeád cearnach.
Ní raibh an ceann seo chomh donna is a bhí an chéad ceann, ach ní raibh sé dóthain maith ach an oiread. Ach ar a laghad bhíos ábalta é a dheisiú leis an bplána.

Ní raibh aon rud le déanamh  ansin ach iad a chuir le chéile le fáil amach cé chom dona is a bhí sé.
Tá cuma deas air insna fótagraif seo thíos, ach ba chóir go raghaidís lé chéile ar nós míreanna mearaí, gan bearna ar bith.
Ach tá bearna uafásach eatarthu.

Chaitheas an cuid eile an lae ag ceirfeáil, is ag ceirfeáil is ag ceirfeáil.
Focal a chum mé féin is ea é 'ceirfeáil'.
Úsáidtear an briathar 'kerfing' go minic sa chlós; an ciall atá leis ná sábh a oibriú tríd alt nú siún idir dhá phíosa adhmad. Gearrann na sábhfhiacla píosa beag de gach taobh an alt, agus baineann sé de na píosaí ábhar atá ag coimeád an dá phíosa adhmad óna chéile. De réir a chéile tagann siad le chéile go foirfe.
Focal le bunús i sean-Bhéarla (agus Ind-Eorpais roimhe sin) is ea é, ach ní rabhas ábalta leagan Gaelainne de a aimsiú in aon áit, ach chaithfidh go bhfuil, nú go raibh ceann ann tráth.
Ach pé scéal nú focal é, sin a dheineas. Arís agus arís eile. Tá bearna mór le dúnadh agus n'fheadar cén chaoi eile é a dhéanamh, seachas tosnú arís, agus ba oth liom é sin a dhéanamh ó eagla nach mbeadh mo dhóthain ábhar agam.

Is féidir ceirfeáil a fheiscint sa físeán seo thíos. Má bhíos leath chomh maith ag siúinéireacht ná an fear seo, bheadh an bád agus an crann críochnaithe agam na blianta ó shin. Seo agaibh  - Francis Barnett.



 



No comments:

Post a Comment