08 October 2018

08/10/2018 - An lainseáil mhór

Ní raibh ach rud amháin ar an gclár oibre inniu - dul ar snámh.

Tar éis tamall ag útamáil thart ag déanamh nithe beaga, tháinig Liam in san forcardaitheoir agus phioc sé suas í.
Do bhí an bearna an-chúng idir cúinne an bhothán agus na báid eile, agus bhí mo chroí i mo bhéal amanna.


Leag sé síos í i raon an craein agus bhí orm fanacht tamall arís nuair a bhí sé ag bogadh rudaí eile thart, ach ag an deiridh tháinig na duáin anuas ón spéir.
Ach thugas fé deara nuair a bhíd ag teacht anuas bhíd ag creathadh, nú ag strampáil trí chúis éigin. Níor thugas an-chuid aird air ag an am, b'fhéidir go rabhas ag smaoineamh go raibh an craein fós a téamh suas, nú rud éígin mar sin.

Pé scéal é, cheanglaíos na duáin leis na strapaí, rugas ar an taglíne, agus suas sa spéir leí.






Ceart go leor go dtí seo, ach nuair a thosnaigh Liam ag ísliú ar an líne thosnaigh an líne ag strampáil go tréan arís agus bhí an bád ag creathadh go scanrúil.
Bhíos ag féachaint ar an ball deiridh creathadh suas is anuas go fíochmhar agus an buairt ag méadú i gcónaí ionam...agus chomh tobann is a thosnaigh sé, stop sé agus snámh sí anuas go breá socair ina dhiaidh sin. Preit!

Is féidir sásamh a bhaint as an sraith fhótagraif gan focal sa bhreis asam, seachas le rá  - míle buíochas le Nick Kottler as cuid maith na fótagraif ó inniu.















Ó an faoiseamh - thig liom análú arís!
Ach bhí na fiondair ar an taobh mí-cheart dar ndóigh!

Ag tógaint meandar chun mo anáil a fháil arís.

Agus ansin thosnaíos an inneall arís. Thosnaigh sé ar an gcéad iarracht an uair seo.

Thugas cuireadh don teaghlach ar fad teach ansin ach bhí daichead nóiméad agam sara thiocfaidís, as go brách liom go díreach mar sin 😁
Agus féach ar an trim, nú an cothromaíocht - bhí mo thomhas leis an mballasta nach mór foirfe. Beagáinín síos ag an ceann, ach chomh beag nach déanann sé aon difríocht ag an bpointe seo.


Agus b'in é, d'fhág sí an nead gan aon agó.

Cé chomh fada is a bhíos ag tnúth leis an radharc seo - an bádchlós glan chun deiridh, ag taistil síos an abhainn?
Agus an bhroinn tréigthe!





 Do bhí sruth láidir ann leis an taoide ag líonadh, agus bhíos ag dul an-éasca ar an inneall, mar sin bhí mo dul chun cinn mall go leor. Sara i bhfad bhí sé in am iompú thart chun bualadh leis an díorma.

Ní dheinim féiníní ró-mhinic, ach dheineas eisceacht an uair seo.


Agus ar ais ag an gclos bhí searmanas beag réchúiseach againn.
Ní raibh aon seaimpéin againn ach d'éirigh le buidéal Leffe an jab a dhéanamh.
Thriail Cathal agus Odhran as an cloigeann, ach níor thaitin sé go mór leo. Dhiúltaigh Tadhg triail as in aon chor.


Do bhí glóthóige ag an matrarc, agus bhíd i bhfad ní ba shásta leo siúd.
Ach ghlacas féin an beoir. dar ndóigh!

Na foirmiúlachtaí thart, leanamar ar aghaidh ar ár gcéad chrús abhann le chéile inár mbád nua.



Agus ar aghaidh linn.

Bhí deis ag gach duine an maide stiúradh a gabháil. Thapaigh Tadhg an deis ar dtúis, agus bhí sé lán ábalta leis.


Tá Cathal an-compordach ar bhosca an innill, in aice an caidéal láimhe - ó eagla go heagla.

Tá aoibh ó chluas go cluas agam, ach nílim cinnte cén sórt dreach ata ar a aghaidh aicise!

Ansin sheas Cathal chun tosaigh agus ghlac sé an cúram.
D'oir sé go mór leis.

Agus anois ba é Odhran é a bhí drogallach triail a bhaint as. Diúltaigh sé páirt a ghlacadh ar chor ar bith.

Úúúú, an dreach sin arís - cad is brí leis sin?
Ach ba chuma le Cathal - is mairnéalach cruthanta é.




B'in an deiridh leis an cúrsáil inniu, bhí sé in am í a fheistiú go daingean le haghaidh an oíche.
Agus seo an áit a bhí fágtha dom, nach mór in aice leis an Fionn, a deirfiúr de sórt.
Is féidir roinnt de na cosúlachtaí agus na difríochtaí a fheiscint eatarthu anois.






No comments:

Post a Comment