15 October 2018

15/10/2018 - Barrchaolú

An chéad rud ar maidin bhaineas na crampaí agus na bloic den scarbhalt lena fheiscint.
Bhí sé gránna, ar nós cneá. Bhí beagán glanadh suas de díth.

Agus tar éis an glanadh sin ní raibh an cuma ar an scéal chomh dona sin in aon chor.

Fé mar a dúirt an saor bháid uasal sin sa físeán aréir, chaithfidh tú plean den gcrann a tharraingt amach sara thosnóidh tú.
Is maith an rud é go bhfuil plean ag Liam cheanna féin ina leabhar beag dubh.]
An fhirinne a rá, tá dhá plean aige - ceann amháin le haghaidh an Fionn agus ceann eile a deireann 'Gliomadóir'. N'fheadar cén ceann atá níos fearr, ach ar a laghad táid nach mór mar a chéile.


OK, tá plean ann.

An chéad rud le déanamh ná na príomh-toisí a scríobh ar an maide; an tionúr, an píosa cearnach, an craein agus na sliastáin.

Agus ansin an barrchaolú; tá sin beagán níos casta. Tá an crann le bheith chomhthreomhar suas go dtí na sliastáin, agus as sin tá barrchaolú ann le timpeall 32mm. Cabhróidh sin liom an lúb beag a bhaint de.

An chéad chéim ná lár línte a dhéanamh. Úsáidim  cailc-líne suas timpeall trí ceathrú an slí, agus as sin méadaím an líne sin corr dhíreach.
Tá a fhios agam anois go bhfuil an líne sin díreach, neamhspleách ó cruth an maide.
Dheineas lárlíne ar gach éadan mar seo

Ansin, díreach ar nós an fear sa físeán, thomhaiseas na tiúis, scríobhas línte air agus phlánáil mé síos go dtí na línte. Dheineas an dá thaobh ná fuil lúbtha ar dtús.

Ansin thomhaiseas agus líneáil mé an dá thaobh leis an lúb.
Is féidir é a fheiscint anseo cé go mbead ag baint níos mó de thaobh amháin ná taobh eile. Más rud é go bhfuil an lárlíne ceart, beidh an lúb imithe ina dhiaidh an céim seo.
Agus measaim go bhfuil.

Dheineas an tomhsaire sparra a dheineas ar maidin. Tá sé díreach cosúil leis an gceann sa físeán, seachas tá sé beagáinín níos leithne agus d'úsáideas pinn luaidhe sa lár in ionad tairní. D'úsáid seisean na tairní chun scríob a dhéanamh san adhmad, agus ansin chuaigh sé thart arís le peann luaidhe - táimse ag súil go mbeinn ábalta é a dhéanamh i gcéim amháin.
Tá sé ag oibriú!
Ach thugas fé deara go tapaigh go raibh deacrachtaí ag úsáid pinn luaidhe. Chomh luath is a úsáidtear é, bíonn na pinn ag creimeadh agus ag eirí níos lú. Ansin níl siad i dteagmháil le dromchla an n-adhmaid a thuilleadh, agus ní dheineann siad a marcanna dá bhrí sin. Ansin bíonn orm brú síos go láidir orthu, agus ansin tá sé deacair na tairní ag an imeall a choimeád i dteagmháil lena éadain eile.
Cé go raibh sé ciotach, leanas ar aghaidh na a bhí agus mharcáileas gach éadan.

Níos luaithe inniu bhí Liam istigh ag seiceáil ar mo chuid dul chun cinn. Bhí sé réasúnta sásta leis, ach bhí a fhios aige go bhfuilim buartha fén gliú.
Dúirt sé gurb fhéidir liom cúpla dual a chuir tríd an scarbhalt, mar chúltaca don gliú.
Tá a fhios agam nach taitníonn an smaoineamh go mór le Nick (an gúrú eapocsach) ach chinneas é a dhéanamh pé scéal é.
Dar leis níl aon chúltaca ag teastáil ón gliú agus cuirfidh an dual spota lag sa chrann. Tá súil agam go bhfuil dul amú air.

Mheascas píosa beag eapocsach agus dheineas roinnt dual (leath orlach) as Dúghlas. Ghearras trí pholl 12mm tríd an scarbhalt, chlúdaíos na duail (pionnaí adhmaid) le gliú, agus bhualas isteach sa phoill iad.



Sin ea é inniu. Sciotfad ar maidin iad.

No comments:

Post a Comment