10 October 2018

10/10/2018 - Ag tosnú ar an gcrann & amuigh ón uisce arís


Tá an aimsir ag dul in olcas i gcónaí agus Stoirm Callum ag teacht láithreach.
Nílim sásta leis an córas daingnithe atá agam ar an mbád fós. Níl na líontaí feistiú ach ceangailte leis an rungás, agus níl sín fíor oiriúnach.
Ba é an rud deireanach a smaoiníos sara thiteas a codladh aréir agus an chéad rud a smaoiníos nuair a dhúisíos ar maidin.
Iarraidh mé ar Liam i a iompar amach leis an craein inniu.

Idir an dá linn, tá a lán obair fós le déanamh. Thógas an dá phíosa Dhúghlas síos go dtí an clós a ghearr Josh le haghaidh an crann i Mí Bealtaine 2017. Bhí siad ag stálú le nach mór 17 mí, agus tá súil agam go bhfuilid sách tirim anois.


Ar ais ar an mbád, bíonn an caidéal ruma uathoibríoch ag tosnú go minic fós. Bhíos ag súil go mbeadh na plainc tar éis ata beagáinín as a bheith san uisce le cúpla lá, ach fós tá an caidéal ag oibriú go ró-mhinic.
D'ardaíos an t-urlár in áiteanna ach ní raibh aon sceith soiléir le feiscint...seachas an ceann seo:
Is é seo an séama ag barr an dúntóir chun tosaigh, timpeall frámaí, 4, 5 agus 6.
Bhíos amhrasach fén séama seo ón gcéad lá. Mar a dúras ar 21/09/2017 nuair a d'fheistíos an planc sin:

"Ansin tháinig an chéad píosa an dúntóir amach as an bpota agus isteach ina áit. Cé go raibh sé deacair é a chuir ann, i gcaoi eile bhí sé beagáinín ró-éasca toisc go bhfuil na bearnaí ag na siúntaí (séamaí) beagáinín ró-leathan, ach bheidís ceart go leor."

Bhuel, níl siad ceart go leor. Ní foláir dom an séama sin a chorcáil arís, agus muna oibreoidh sé sin beidh orm paiste a chuir ann laistigh. Ar a laghad tá an fhadhb fé leibhéal an t-urlár.
Táim cinnte go bhfuil sceití eile in áiteanna eile, ach tá súil agam go bhfuil an ceann sea mar an ceann is measa agus borrfaidh na plainc dóthain maith chun na cinn beaga eile a dhúnadh.

Dúirt Liam liom go mbeadh sé ag tógaint báid amach san iarnóin, agus dá bhrí sin leanas ar aghaidh leis an gcrann.
Mhol Fachtna liom na maidí móra siúd a thabhairt isteach go dtí an Sciobairín arís agus iad a thabhairt do ceardlann Ted O'Driscoll, lena chuir tríd a plánóir ceathairthaobhach.
D'fhéadfainn an tiúsóir sa chlós a úsáid, ach níl an bord ar sin go foirfe cearnach agus baineann sé plaic as rudaí go minic.
Chuireas glaoch fóin ar Ted agus dúirt sé teacht isteach chuige. Chuireas na maidí suas ar an raca dín agus bhuaileas bóthar arís.
Ach nuair a chonaic Ted chomh mór is a bhí na maidí dúirt sé nárbh fhéidir liom an plánóir ceathairthaobhach a úsáid - ach thug sé cead dom a thiúsóir a úsáid.

Chomh luath is a thosnaíos ag úsáid an meaisín seo, ghreamaigh an maide intí.
Níor chuireas an fean eastarraingthe ar siúl agus phlódaigh na séibhíní an meicníocht (nílim amuigh fén spéir in Hegarty's anois!). Chuir Ted an fean ar siúl ansin agus mhol sé cáitheadh WD40 a chuir ar an mbord ó am go chéile.
Ag an am céanna rug sé ar dornán scamh adhmaid agus d'fháisc sé ina lámh iad. Do thaispeáin sé conas ar ghreamaigh siad le chéile ina meall nuair a scaoil sé iad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an t-adhmad fliuch go fóill, dar leis.
Bhuel, tá súil agam go bhfuil sé sách tirim leis an eapocsach a ghlacadh.
Leanas ar aghaidh, leis an fean ar siúl, go raibh sé mar gearradh cearnach, 120 milliméadar an taobh. Tá gach rud méadrach sa cheardlann seo, seachas impiriúil sa chlós.
Thuas tá ceann amháin déanta agus ceann fós le déanamh. Is féidir an méid ábhar bainte a fheiscint. Thíos tá an dá cheann déanta.

Táim réidh le tosnú anois, ach beagáinín pleanáil ar dtús.
Caithfidh an scarbhalt a bheith fada le bheith láidir, táim ag ceapadh go mbeadh 1m sách fada. Tá na maidí sé troigh déag ar fad, sin timpeall 4.9m an ceann. An dá cheann le chéile, sin 9.8m, tóg méadar le haghaidh an scarbhalt, sin 8.8m. Caithfidh an crann bheith 7.9m ar fad, dá bhrí sin beidh 0.9m, nú 3 throigh sa bhreis agam.
Tá an dá mhaide cuimseach díreach, ach tá lúb beag ag deiridh ceann amháin. Fágfad an píosa sin ag an mbarr agus tá súil agam go mbeidh an cuid is mó de sa phíosa breise. Beidh barrchaolú ann freisin, agus bead ábalta é sin a úsáid chun ruaig a chuir ar aon phíosa den lúb atá fágtha.
Chomh maith le sin tá fabhtanna nú grianscoilteanna ann freisin. Ní foláir dom bheith cúramach nach rachaidís salach ar an scarbhalt freisin.
Leis na píosaí leagtha amach mar ba mhian liom, scríobhas lárlíne ar an dá cheann, ansin scríobhas traslíne cearnach ag an mbun agus ceann eile méadar suas as sin. Ansin scríobhas línte díreacha suas ó cúinní an bun líne go dtí an idirmhír leis an lárlíne agus an traslíne eile.
Mhol Liam dom clár a leagaint air anois agus an gearradh a dhéanamh, chomh domhain agus ab fhéidir, leis an sábh ciorclach. D'fhéadfainn sconsa a úsáid chun an líne a dhéanamh cruinn agus díreach, agus bheadh an sábh féin cearenach.

Dar ndóigh, bhí orm an patrúin a tharraingt amach ar an gclár arís.
Agus seo an sconsa feistithe.
Téann an sábh le taobh an sconsa agus teann an lann díreach tríd an líne ar an gclár.
Ach ní théann an lann dóthain domhain agus caithfead leath an méid a dhéanamh de lámh. Cheannaíos sábh nua i gcomhair an jab áirithe seo.

Agus an scéal céanna ar an taobh eile.
Bhí sé soiléir agus mé ag teach chun deiridh nach raibh an sábh láimhe foirfe cearnach. Is cosúil go raibh an lann ciorclach ní ba thibhe ná an lann ar an sábh láimhe agus bhí spás sa ghearradh leis an sábh láimhe bogadh as cearnach.
Chomh maith le sin ní rabhas ábalta an sábh a fheiscint mar gheall ar an gclár leagtha ag a mbarr.
Beidh an-chuid coiriú le déanamh anseo.

Ach ag an am sin gaotaí orm. Bhí siad réidh an bád a iompair amach as an uisce arís
Ba é sin a séasúr seoltóireachta is giorra riamh!
Agus í ar ais ar thalamh tirim arís, is féidir a fheiscint go bhfuil an dath athruithe ar an bhfrithbhréantán cheanna féin. Bhí a fhios agam go tarlóidh sé, ach ní rabhas ag súil go mbead sé chomh tapaigh sin.

Tá sí réidh le Stoirm Callum anois ar aon nós!

No comments:

Post a Comment