04 October 2018

04/10/2018 - Fós an ballasta

Leanas ar aghaidh leis an mballasta arís inniu.
Tá an jab seo chomh leadránach - an rud céanna arís agus arís eile agus ní féidir éisteacht leis an rédíó, ní féidir feadaíl, ní féidir féachaint ar éinní ná caint le éinne. Chomh maith le sin, tá diúracas i mo lámha fós tar éis na uaireanta a chloig ag creathadh ag breith ar an ndruilire. Ach tá súil agam go mbeidh sé fiú é ag an ndeiridh.
Ceapaim go bhfuil na uirlisí ag éirí tuirseach leis freisin. I lár an lae do bhris an siséal SDS go tobann agus bhí orm leanúint le spíce SDS ina dhiaidh sin.

Cé go raibh an spíce ábalta spotaí a fháil nárbh fhéidir leis an siséal, do bhí an siséal i bhfad ní ba thapúla go ginearálta.
Um an uair sin tháinig Liam ar ais go dtí an clós (tháinig sé amach as an ospidéal inné). Chaithfidh mé a rá go raibh sé caol tanaí, agus cuma an-lag air. Ní rabhas ag iarraidh aon bhrú a chuir air ach dúirt sé go tiocfaidh sé ar ais ar an Sathairn agus tiomáinfidh sé an craein dom ansin.

D'fhilleas ar ais ag an obair, agus tar éis an smiotadh, thosnaíos an snasú leis an sreangscuab.

Agus arís ansin an Oxirite,

Ach nuair a bhí an Oxirite tirim thosnaíos ag péinteáil. An uair seo táim ag úsáid Jotamastic 90. Úsáidim Jotamastic go minic ag mo phost; prímeálach eapocsach dhá phaca is ea é, agus bíonn sé seasmhach, láidir agus uiscedhíonach. Níl  sé oiriúnach le haghaidh adhmad ach tá sé foirfe ar chruach nú iarann. Úsáidimid an stuif seo leis na bairillí ar an long agus nuair atáimid ar rith as, ordaím 200 litear nú mar sin eile, agus tar éis tamall tagann sé. Bíonn sé chomh éasca. 
Ach an uair seo do bhí orm mo chuid airgead féin a úsáid - agus chosain sé breis is €70 as 5 lítear! Bhíos nach mór ag gol agus mé ag íoc as 😭. Ó loisc an choinneal loiscfidh an t-orlach, is dóigh liom.


B'in é inniu é - péinteálfaidh mé an taobh eile amárach.

No comments:

Post a Comment