05 October 2018

05/10/2018 - Arís an ballasta

An chéad rud ar maidin ná na muca ballasta a chasadh thart agus iad a phéinteáil arís.

Nuair a bhí an péint eapocsach sin ag triomú leanas ar aghaidh ag iarraidh braon amháin péint gorm a shíneadh amach - ach mar is soiléir sa fótagraif - theip orm!

Ina dhiaidh sin chaitheas roinnt maith salann isteach sa bhád, fuaireas an píobán gairdín agus líonas an ruma le uisce. Táim ag iarraidh dhá rud le déanamh anseo:
1. Aon sceith dona a aimsiú anois (seachas nuair a beidh sí ag snámh).
2. An t-adhmad a bhorradh agus na sceitheanna beaga a dhúnadh.

Tá neart sceitheanna beaga ceart go leor.


D'fhágas mar sin í agus d'iompaíos ar ais go dtí an ballasta.

Agus an péint dóthain tirim thosnaíos ag meá na muca aonaracha.
Bhí ionadh orm le fáil amach go raibh siad uilig nach mór an meáchan céanna - agus níos troime ná a shíl mé.
Agus ina iomlán - breis is leath tonna meáchan - chaithfidh go bhfuil mo dhóthain agam leis seo.

Tá súil agam nach raibh sé róluath é seo a dhéanamh (an péint gan a bheith iomlán tíortha) ach thosnaíos ansin an ballasta a luchtú isteach sa ruma, fiú agus an ruma fós lán le uisce.


Níl ann ach tomhas, ach tá súil agam go bhfuil an ballasta beag nú mór istigh ina áit ceart. Ní bheidh a fhios agam an bhfuil nú ná fuil go mbeidh sí ar snámh agus beidh an scéal soiléir le feiscint ansin.

Is cosúil go bhfuil na sceitheanna beaga níos measa ar an taobh deasbhoird, mar sin luigheas thart ar an deasbhoird í beagán.
Agus sin deiridh lá eile.

No comments:

Post a Comment