02 October 2018

02/10/2018 - Teacht amach!





Lá suntasach a bhí ann inniu. Trí bhliain, trí mhí agus seacht lá (1195 lá) tar éis an chíle a leagaint tá sí tagtha amach as an mbothán inar rugadh í.

Bhí sé beartaithe agam le John roimh ré agus thánamar go dtí an clós go moch ar maidin. Dúirt sé liom na cosa a ghearradh siar go dtí cúpla orlach fén gcíle agus iad a chuir ann arís;l bhí sin déanta agam sara tháinig sé. Chuireas bloic adhmaid fúthu agus bhaineas na ceaigeanna de arís.
Ní raibh an péint Primocon tirim go fóill, ach ní raibh aon dul amach as.



Ansin chuireas bloic móra agus beaga fén gcíle agus in aice na cosa. D'úsáid John seac hiodrálach meáchain an bháid a iompair agus thógamar na bloic amach de réir a chéile agus é ag ísliú an bád, go mall, cúramach, leis an seac.
Thóg sé timpeall leath uair a chloig, nú trí ceathrú b'fhéidir agus bhí sí ag suí ar na rollóirí.
Bhí orm fanacht ansin le tamall fada toisc go raibh John gnóthach le rudaí eile
Tá an ceirbheacs leata go hiomlán agus tosnóidh an crapadh go gairid. 🤣

Ach roimhe sin, agus mé ag fanacht ar nós athair tnúthánach, leanas ar aghaidh ag feistiú an caidéal ruma láimhe.
Agus ag an deiridh tháinig John agus scata cúntóirí eile.
Leis na rollóirí, trucail pailléide láimhe, meitheal beag agus ag an deiridh an forcardaitheoir, tháinig sí amach gan a lán stró.
Fé mar is gnáthach sa chlós seo, ar a leithéid d'ócáid mar seo, tagann daoine le chéile ag cabhrú lena chéile agus ceapaim go mbíonn scleondar de saghas éigin iontu, fiú agus iad ag déanamh rudaí mar seo leis na blianta fada anuas.
Agus tá an bothan (nú mo chuid de ar a laghad) folamh arís.
Agus féach ar an bhfótagraif seo thíos ó 22/06/2015, an lá a ghlanas an bothán amach den chéad uair. An méid ama ata caite agam istigh ansin ón lá sin!
https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhBL8UAsN-B0bl8CecfdREhFQe10XKVRpjvw7oOtF_aGs7AJEHKeRRqMLPvmQcNYgaPLUHVTtOCeF1iYDa2L0cw55SEEAZsW1IkQTFwqWp0sOlmwNDQIMn68hN94mOgDtILM9R3SCKGa-8/s1600/P1070150.JPG

Ach ar ais go dtí an lá ata inniu ann. Ba é seo mo chéad uair ag féachaint ar an mbád amuigh i solas geal an lae, agus pé mar a bhíos ag súil, bhíos ábalta an-chuid cáimeacha a fheiscint sa phéinteáil agus san adhmadóireacht.
Thosnaíos ag déanamh mo dhícheall le péint agus puití rudaí a chóiriú.
/


Ó am go chéile bhaintear siar asam agus stadas i mo stailc ag féachaint uirthi ar feadh tamall, Ag baint súp as an radharc.


Agus ní mise amháin!

Ach bhí obair fós le déanamh.
Ba cóir is ba cheart dom an péint frithbhréantais a chuir ann níos lú ná 24 uair a chloig roimh dul san uisce, ach ní thig liom fanacht níos mó. Ach ar an nós, chualag go mbeidh Liam ag teacht amach as an ospidéal go luath.


Bhíos ag iarraidh an péint ar an stráca uachtair a chríochniú, ach rith mé as Toplac gorm agus é nach mór déanta. 😠

Swit-swoo!


Gach aon uair a théim isteach sa bhothán baineann an méid spás atá ann siar asam!

Bhí orm na cosa a ghearradh siar arís. Beagáinín os cionn an chíle an uair seo.

Agus anois tá an spás agam mo urlár a leagaint amach agus a chuir ina ord ceart.

Agus ag deiridh an lae tháinig na custaiméirí lena bréagán nua a fheiscint.






Tá fadhb nua agam anois - an aimsir.


No comments:

Post a Comment