15 October 2018

14/10/2018 - An taobh eile

Thugas cuairt tapaigh ar an gclós inniu le fáil amach conas ar chruaigh an gliú ag an deiridh.
Bhí sé cruaite ceart go leor, ach nuair a chasas an maide thart bhí sé soiléir le feiscint nach rabhas ábalta an dá phíosa a bhrú le chéile go hiomlán.

Mheascas suas píosa beag gliú eile agus dhoirteas isteach sa bhearna é
Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor. Ní bheidh fios agam go mbeidh an crann nach mór déanta nuair atá an gliú agus an t-adhmad breise go léir bainte de.

Ní rabhas sa chlós ach tamall beag, ach chaitheas breis is uair a chloig ag athfhéachaint ar sraith físeán ar YouTube ar conas crann a dhéanamh.
Seo iad thíos, agus seo na teicnící a bhead féin ag triail as sna laethanta romham.

 

 
 


No comments:

Post a Comment