12 October 2018

12/10/2018 - Ag ceirfeáil an lá ar fad.

Ní rabhas ag déanamh ach rud amháin inniu - ceirfeáil.
Is é sin le rá go rabhas ag gearradh, gearradh, gearradh, ag sábhadh, sábhadh, sábhadh an lá ar fad.

Ar dtús shíneas líne díreach ar fad an crann le feiscint an raibh sé díreach é féin.
D'úsáideamar an teicníc seo nuair a bhíomar ag leagaint an chíle i Mí Meitheamh 2015.
Agus ansin thosnaíos an ceirfeáil. Agus de réir a chéile dhún an bearna idir an dá phíosa den gcrann.
Fé mar a dúras leis an mbas, ba é seo an chaoi deacair min-sábh a dhéanamh as adhmad.

Ach ag deiridh an lae, d'éirigh liom. D'fhéadfá siún níos fearr a fháil, ach tá mo lámha lag agus táim traochta, agus té sé cuimseach maith.

Agus ina dhiaidh sin scaras óna chéile arís iad agus ghlanas gach aghaidh le aicéatón, le go mbeidís réidh le gliúáil amárach.

No comments:

Post a Comment