16 October 2018

16/10/2018 - Octagán

An chéad rud a dheineas ar maidin ná na pionnaí adhmaid a sciotadh siar.
Bhí an eapocsach cruaite ceart go leor, agus tá súil agam nach tógfaidh siad ó nirt an gcrann.

Agus ansin thosnaíos ag plánáil na cúinní síos go dtí an línte a dheineas inné.
D'úsáideas plána aibhléise ón gclós chun cuid maith an ábhar a bhaint - níl mo cheann féin ag obair i gceart, agus tá na cinn sa chlós níos fearr ar aon chaoi.
Ach chomh maith le sin bhí orm an tarscamhaire a úsáid ag barr an chuid cearnach agus an réphlána gar leis na línte.
Tá an-chuid ábhar le baint.

Nuair a bhaineas ábhar ón gcúinne seo, nochtaigh sé bearnaí beaga sa scarbhalt.
Líonfad le eapocsach iad, ach ní bheidh sin chomh maith le scarbhalt cúng.
Ní tuar maith é seo. An bhfuil bearnaí eile ann dofheicthe fén dromchla?

Ag an deiridh bhí ochtagán agam. Ní ochtagán foirfe atá ann, ach níl sé chomh dona is a cheapfá sa fótagraif seo thíos. Téann sé ar strae ag an mbarr, ach beidh an píosa sin os cionn caipín an chrainn.


Leis an ochtagán déanta bhí sé in am céim a trí a thosnú - ag déanamh na línte le haghaidh an heicsedeacagán, is é sin cruth le 6 éadan déag.
Tá an-chuid línte ann, ach níl an méid céanna ábhar le baint de. Ach pé scéal é, sin an jab don márach.

No comments:

Post a Comment